Ins an am fadó nuair a tháinig Oisín ar ais ó Thír na n-Óg bhí Naomh Pádraic annseo in Éirinn. Lá amháin agus é ag dul thart casadh Oisín air. Bhíodar ag cainnt le chéile agus deirtear gur bhaist Pádraig Oisín. D'fhiafruig Naomh Pádraig dhe annsin ar mhaith leis Ifrinn a fheiceal agus dubhairt sé go mba mhaith. "Tá go maith" arsa Pádrai "siubhal uait liomsa." D'imrigheadar síos staighre mór dorchadhana faoí 'n dtalamh nó go dtáinig siad chomh fada le teine mhór. Chonaic Oisín duine de na Fianna agus súiste aige ag bualadh na ndiabhal. Ghlaoidh Naomh Pádraig ar an duine sin agus dubhairt sé leis trí guidhe a iarraidh agus go bhfuighead sé iad. Sé an chéad rud a diarr sé ná gán a shúiste briseadh go deo, an dara rud gan é a dhóghadh agus an treas rud nuair a bhéadsé ag dul á lasadh fod glas de thalamh na hÉireann a theacht idir é féin agus an teine. Fuair sé na trí guidhe sin agus annsin d'imthigh Naomh Pádraig agus Oisín leo nó go bhfeiceadh siad Purgadóir. Cheap Oisín nach raibh aon deifríocht idir Ifrionn agus Purgadóir acht nach raibh aon adharcha nach raibh aon adharcha ar na diabhail a bhí bPurgadóir. Tháinig siad arais go h-Éireann. Ba gearr ina dhiaidh sin gur cailleadh Oisín.AnaithnidMichael Sintros