2. Timcheall is leath mhíle suas ó'n sgoil tá loch bheag ar a dtugtar loch na Sginnín. Tá sé raidhte ag na seandaoine go bhfuil bráitlin óir i bhfolach i gcúimhais na locha. Uair amháin bhí fear as an Áird ina chomhnuidhe i mbotháinín shuas ar an sliabh ann. Chonnaic gasúr beag é lá ag tabhairt bráitlín leis agus ag dul amach go dtí bruach na locha. D'aithin an gasúr gur ór a bhí sa mbráitlín. Rith se abhaile agus d'innis sé céard a chonnaic sé. Lá ar na bhaireach d'imigh an gasúirín leis agus stop ná stad ní dhearna se na go dtáinig sé go dtí an botháinín. chuaidh se isteach agus fuair sé an sean-fhear caillte. As sin go ceann cúpla lá chuaidh fear as an áit ar thóir an chiste ach fuair sé bás. Chuaidh fear eile ar a thóir acht d'éirigh an rud céadna dó. Ó'n am sin amach ní dheachaidh aonduine gar don áit ar eagla gl gcaillfidhe iad. Ainm: Mícheál Mach an Iarla Seoladh: Leitir-Árd, Caiseal. Ainm an t-seanchaidhe: Seán Ó Uaithnín Seoladh: Leitir - Árd, Caiseal.Fhionnbharra