Luigim síos, ar mo thaobh deas Aingeal Dé, 'na luighe le m'ais Cheithre phosta ar mo leaba Cheithre aingle uirri sgartha Is má fhághaimse bás as seo go maidin, Go ríoghacht glórmár na bhflathas, go dtéidh m-'anam. Tháinig an t-aingeal le sonas i gcluais na mná. Trí thrian le pian, trí thtian le síor shileadh deór. Labhair an glór, chuaidh an t-uisge aníos tríd an bhféar. Is maith an sagairt É mac Dé, is maith an baisteadh rinne Sé. Bhaist Sé Eoghan Baistíghe, agus bhaist Eoghan baistíghe E. An té a déarfadh an phaidir seo uair gach lá, gheobhadh sé flathhas Dé mar dhualgas, is nior bhaoghal dó pianta síorraidhe, ná progadóireacht go deó.Matt Smyth