Eachanna Uisce Deireann an sean dream go bhfuil roinnt eachanna uisce timpeall ar an áit seo. Tá sé ráite go bhfuil ceann acu i loch Ghlionnáin. Uaireannta se'chaoi mbíonn sí le feiceál in a heach agus í ag snámh ar bharr an uisce agus uaireanta eile sé'n chaoi a mbíonn sí le feiceál ina broc. Tá loch eile thuas ar a sliabh ar an dtugar loch an Dobhráin agus deirtear go mbíonn each uisce le feiceál ann amannta. Bhí searrach thiar, i Rós a mhíl a bhí ag each uisce agus bhí sé an-deas agus sé an dath a bhi air ná dath uaithne agus nuair a chonaic na blachaigh chomh deas agus a bhí sé cheannaigh siad é agus mharaigh siad é. Ansin d'fean (do bhain) siad an craiceann dhó agus rinne siad casóga dhó agus bhíodh siad ortha. Bhí each uisce ag fear ar an mBánráin agus bhí sé aige scaitheamh mór. Thug sé chuig an gceardhcain é agus chuir sé ieithre chrudh air agus raibh sé i bhfad aige na dhiaidh sin gur imigh se uaidh. le hÁine Ní fhatharta Each - Abair an 't-ach' t-leathan i gcomhnuidhe. 'Is deas a' t-each í an t-each-ín bán' t-leathan, ch leathanConchúr Mag EacháinConchúr Mag EacháinNiamh Seoighe