Na Blácaigh Áine Ní Fhagharta Tomás Ó Fagharta a deartháir (21) as Baile na hAbhann a d'inis di Sé an t-ainm atá ar an dúthaigh seo ná dúthaigh an Bhláca. Sén fáth a tugadh an t-ainm sin air dream Sasanaigh deirtear a tháinig as Cúige Uladh ag sé an t-ainm a tugtaí orthu na Bláca. Do chuir siad fúthu i mBaile na hAbhann, bhí siad ag creachadh, ag goid agus ag fuadach ó na daoine agus chuir siad fé smacht iad. Chuir siad faoi ndeara dóibh cíos a íoc leo agus duine ar bith nach n-íocfadh é sin do chaithfeadh siad amach as a chuid talamh é gan trua gan taise. Bhíodh na daoine a dul ag obair acu gan páigh gan tada agus bhíodh orthu freisin dá mbeadh capall ná bó ná caora ná aon rud maith mar sin acu, chaithfeadh siad iad a thabhairt dóibh. Do Leanadar mar sin i bhfad go raibh daoine scriosta céasta agus bánaithe acu. Bhí siad chomh dona leo ag an deireadh go raibh siad ag baint a gcuid éadaigh de na daoine agus á scaoileadh amach ina gcraiceann. Lá amháin dá raibh daoine ag dul chuig an Aifreann i bhfoisceacht céad slat don séipéal chonaic an sagart bean agus í ina craiceann. Chuaigh sé go dtí í agus d'fhiafraigh sé di céard a bhi uirthi agus dúirt sí go b'iad na Bláca a bhain a cuid éadaigh di. Do bhí an oiread sin feirge ar an sagart is gur léigh sé Sailm na Mallacht orthu. Sé an tAthair Ó Cuirligh a léigh orthu é agus uaidh sin amach bhí dhá gcailleadh ó dhuine go duine go dtí nach raibh duine ar bith fágtha acu ann agus ní bréag a rá nár chaoin muintir na háite mórán ina ndiaidh.Anaithnid