imirt leí. Déarfaidh sé an rud céadna leis an dara mac agus béidh sé ag ceapadh go bhfuil a dhóthain céille ag an treas mac. Nuair a thiochfas siad go dtí bean an rí fiafreóchaidh sí do'n chéad mhac a n-imireóchaidh sé cluiche cartaí Déarfaidh seisean nach nimireóchaidh. Fiafreóchaidh sí an rud céadna don darna mach acht déarfaidh seisean nach n-imreóchaidh. Fuair an tríomadh mach an buadh ar an leas-mháthair an chéad uair acht fuair sise an ceann a b'fhearr air an darna huair agus chuir sí faoi gheasa é acht bhí geasa le cur ag an tríomadh mac uirthi mar fuair sé an buadh an chéad uair. "Cuirim faoi gheasa tú, " adeir an leas mháthair "gan an darna hoidhche a chodlad in aon teach nó go bhfuighe sibh dhomsa na trí bromach atá sa domhan Thoir. "Cuirimse faoi gheasa thusa," adeir an tríomhadh mac an rí, "a dhul ar bhárr an teampaill, snáthaid a chur na seasam annsin agus gach gráinne cruithneacta a thiochfas trí pholl na snáide beidh cead agad é sin a ithe acht caithfidh tú fanacht annsin nó go dtigidh mise agus na bromaigh agus más bás domsa é is bás dhuitse é chomh maith." D'imthigh triúr mac an rí leó annsin agus casadh an Gadaidhe Dubh orrtha. D'fhiafruigh siad dhó an raibh fhios aige an áit a raibh na bromaigh sa Domhan Thoir. "Tá fhios," adeir an Gadaidhe Dubh, "acht sílim nach iad na bromaigh a gheobhfas sibh acht bhúr gceann a chailleadh mar is iomdha fear a d'fheach leó sin cheana acht sé a gceann a chaill siad." Nuair a tháinig an triúr mac agus an Gadaidhe Dubh go dtí an Domhan Thoir chuadar isteach sa stábla san áit a raibh na trí bromach ceangailte agus chuadar i bhfolach. Bhí deis ag an rí sin go ndúiseóchaidhe é dhá mbeadh aon duine ag goid na mbromach. Nuair a shíl triúr mac an rí agus an Gadaidhe Dubh na bromaigh a ghoid thosuigh siad ag spréachadh agus dhúisigh an rí. Dubhairt sé le naMáire Hurley