Nuair a bhí mé fhéin agus Baibín Mhártin ag tigheacht abhaile ó'n sgoil an tráthnóna sin, chuir muid suas lé na chéile go rachadh muid ag imtheacht leis an m-Brideóg. Nuair a tháinic mé fhéin abhaile ó'n sgoil, ní dheárna mé tada acht mo dhinnéar a ithe, agus sul a raibh mo dhínnéar ithte agam, siúd isteach Baibín an doras againn, agus dornán mór tuighe faoi na h-argaill aice. Nuair chonnaic mo mháthair an dornán aice, thosuigh' gáiridhe agus dubhairt sí. "Go sábhála Dia sibh, beag an baoghal go dtiocfadh an oidhce amú orraibh." Ná bac leis an oidhche anois," adeir Baibín acht bí réidh lé slám breágh airgid a thabhairt dhúinn nuair a bhéar an bhrídheóg seo gléasta suas againn." Ghléas mé fhéin agus Baibín annsin suas an Bhrídeóg. Nuair a bhí sí gléasta againn síos lé Baibín go dtí mo mháthair. "Anois," adeir Baibín ag síneadh a láimhe chuig mo mháthair, "líon í seo le he-airgead dhom. Thug mo mháthair cupla pinghin di annsin agus dubhairt Baibín léi, "Mo Dia dhá dtárthail Agus go dtárrthuighe Dia sibh, Agus go mbeirimíd beó ar an am seo arís." "Amén," adeir a raibh istigh againn fhéin. Nuair a bhí muid ag imtheacht dubhairt mo mháthair, "Níor thug sibh breibh ar bith dom-sa, nó cá bhfuil siad? "Níor bhain muid chen ar bith fós iad," adeir Baibín, "nach mbeidh siad sáthach luath ambháireach agaibh." "Tá go maith," adeir mo mháthair, Ní raibh ach an chainnt sin ráidte ag moAnaithnidLuke CreganLuke Cregan