Gaibhneacht Fadó nuair nach mbíodh aon ghual ann is gualach a bhíodh ag na gaibhne le h-aghaidh teine. Sé an sort rud é gualach ná móin dóighte. Déantar é le poll a dhéanamh sa talamh agus annsin teine mhór mhóna a dhéanamh (sa talamh) i n-aice an phuill sin agus annsin nuair a bhíos an teine sin lasta go maith caithtear síos sa bpoll í agus caithtear puiteach ós a cionn. Annsin faoi cheann tamaill nuair a bhíos an teine múchta sa bpoll tógtar aníos í agus bíonn sí 'na gualach annsin agus tá sé níos feárr ná móin le h-aghaidh teine. Seo cuid de na rudaíLabhrás Ó Finneadha