ag nidh a éadain agus dá mídhfeadh sé a clúaisaí bheadh droch aimsir againn. Dá mbeadh an cat ag luighe inaice na teine agus a dhrui, ag an teine bheadh aimsir bháistighe againn. Dá mbeadh an taoille ag dul go tapaidh ins an abhainn tar-éis baistigh deirtear go mbeadh báis-teach eile againn. Dá bhfeicfeá dath pighinn ar an spéir bheadh aimsir go han donna againn. Dá gcloisfeá an trean ins an tráthnóna deirtear go mbeidh sioc againn. Dá bhfeicfeá muc ag tabhairt déir isteach go dtí a chró féin bheadh stoirm againn. Dá mbeadh an deatach ag dul suas direach, bheadh aimsir mhaith againn. Mo mhuinntir a di'innis é seo dhom. Máire Ní Mheachair do sgríob. Eolas soe le Fúghaid ag go leó daoine annseo. S. O'C.Orlagh Costello