Liosanna na sidheóg. Is beag conndae nó cheanntar in éirinn nach bhfhuil sean-liosanna ann. Tá á cuid liosanna ag Cinn Mhara cómh maithe le h-aon cheanntar mar in áit ar á dtugtar "Cathair na Madra" air tá sean lios le feiscint. Dún á thugann muinntear an cheanntair air. Tá sé déanta í gcuma cruinn agus é déanta de clocha. Tá saghas dorais í dtaobh amháin de'n dún agus tagheann daoine isteachtri an dorassin núair is mían leó dul isteach san ndún. Niorbh fada ó shoin go ndeachaidh fear gur leis an talamh in á bhfhuil an dún isteach chun an dún d'feiscint. Bhí ceirt snátha ag an bhfhear agus cheangal sé an ceirt de chloich sul á chúaidh sé isteach ins an ndún. Isteach leis annsin agus niorbh fhalleóir é ag imtheacht go dtí deireadh an dúin. Ar á shlige isteach chonnaic sé seómraí eile agus parlús dheasa. Chúaidh sé isteach í gceann des na parlusaibh agus chonnaich sé solas iongantach ann. Tháinigh séCaitríona King