Dúbhairt an laochra go ndéanfhadh sé teach do'n bheirt acú. Le casadh na láimhe bhí crann mór millteach tarraingte as an dtalamh aige, agus níorbh fallsóir é ag déánamh tighe mhóir. Lá eile bhí an beirt acú ag dul go dtí áit eigin í gconndae na Gaillimhe. Bhíodar chun an bhóthar ar fad a rith. Thosuigheadar ar á slighe acht ba ghearr gur chaill an laochra á hata. Bhí air dul arais chun é d'fághail agus bhí an fear eile ag rith roimhe. Núair fúair an laochra a hata thosuigh sé ag rith airís agus gan mórán moille bhí sé imthighthe thar an bhfear eile. Bhí an búaidh aige annsin.An Dothra Bheag