Tinneas Fiacla. Píosa choinneal a fhághail agus í a chur faoi an fhiacal agus beidh tú go maith. Guriní Sé an leigheas orraibh sin ná píosa bagún a chur síos ins an talamh agus nuair a bheadh an bagún lobhtha bheadh an duine go maith. Dá mbeadh duine ag dul thar abhainn agus a lámh a thoma síos inntí gan breathnughadh ar an áit beadh sé leigheasta. Truich Trí sgréach a bhaint as gandal bán nó fataí róstaí agus braon bainne. An rud a déarfadh fear a mbeadh capall aige leat a ithe. A dhul amach fá bholg asal trí uairí. Nó bainne gabhair agus bainne bó a ól agus bheadh tú leigheasta. Blioscóide Craiceann girrfiadha a leagan isteach leo. Siúcra agus fúisge agus duilaiginí a chur síos ins an bpóta agus nuair a bheadh siad bruithe iad a ithe agus bheadh tú leigheasta. Cupóg sráide a chuimiltEmma Nic Thomáis