Deocacha Fiacal Dá bhfuightheá fiacal capaill gan a bheith dhá thóruigeacht agus e a coinneál ní bfuightheá deocacha fiacal arís go bráth. Tinneas Cinn Bhí sean-bhean i mBaile Clár na Gaillimhe fadó. Bhiodh sí ag tomhais cloigne na ndaoine a raibh tinneas cinn ortha le ribín dubh. Déarfadh se go raibh na cloigne ataighthe le neart a' tinnis. Bhí amhar aice le (paidir) paidreacha eicínt leis an t-at a laighdiú. Fainí Sé an leigheas a bhí ag cuid de na sean daoine ortha fadó ná breith ar an gcéad seilmide a'laigreach a casfaidhe ortha breith air agus é a choimilt de'n fháine i gcuma na croise. Spíc a chur tríd annsin agus é a greamughadh de'n talamh leis. Éa fágail annsin go dtréigfeadh sé féin is an fháine le chéile.Emma Nic Thomáis