agus bhuail sé leis ar a bhealach. Nuair a tháinic se go dtí an áit a raibh na fathaigh ag troid tháinic faitíos air agus shín sé sior agus thuit sé i na chodladh. Bhí go maith is ní raibh go holc nuair a bhí máthair an fathaidh ag dul thart thóig sí é agus chuig sí isteach ins an gciseán é agus thug sí abhaile é. Nuair a tháinic an fatach isteach bhí cheithre fhathach eile aige agus d'ith sé iad. Ar maidin nuair fathach ag dul amach dubhairt se le na mháthair an ceann eile a ithe. Nuair a d'aire an fear seo teas na teine dhúisigh sé agus chuir sé an chaileach go dtí na glúine ins an t urláir agus d'imthigh leis.Emma Nic ThomáisBhí beirt fear ann fadó agus bhí dá lár searaigh aca. Bhí an péire capall i riasca i n-aice le abhainn an Cláir i mBaile Chláir na Gaillimhe. Ar an maidin áiride seo d'imthigh an beirt fhear amach agus fuair siad beirte iad. Bhí ceann de na searaigh cáillte agus bhí an ceann eile beo. Bhí an dá lár ag cuadach an cinn a bhí beo. DubhairtEmma Nic Thomáis