I ngach ceannthar bionn go leór sean-fhocla ag na daoine. Ins an gceanntar seo in a bfuilm in mo comhnaidhe seo cuid de na sean-fhocla atá acu:- Is fearr focal sa cuairt ná púnt sa sparán Is fearr éin in do lámh na dá éin sa craobh Is fearr an t-sláinnthe ná na táinthe Is binn béal in a dtost Is minic a bhris béal duine a shróin Filleann an feall ar an bhfealldóir Mura mbíonn agat ach pocaidhe gabhair bí i lár an aonaig leis Ní sgoilfeadh aon níd an dair ach ginn de féin An té nach truag leis do chás ná déan do gearán leisAn Dothra Bheag