deas agus sin é an rud do lasadh siad ar feadh na h-oidhche. Lasadh siad leath-sgór nó mar sin gach oidhche. Dhéanadh siad lámhógaí ar adhmad, sin sórt soithigh cosamhail le buicéad anois, le uisge a thabhairt abhaile ó’n tobar. Bhí lámh amháin ag gobadh anuas ar, agus cuireadh siad a lámh isteach ann ag dul chuig an tobar ach nuair bhidír ag teacht ar air d’iompuipeadh siad ar bárr a gceann é. Tá pláta déanta d’adhmad againn sa mbaile – ceann a ndearna sean-athair m’athar – agus tá sé tuairim céad go leith bliadhna d’aois. Dhéanadh siad ciseáin agus scibeanna agus déanann mo shean-athair atá 87 bliadhna d’aois iad sin fós.Bernie HughesLaura O'SullivanMo shean mháthair atá 85 bliadhna d'aois agus atá in a comhnuidhe i gCluain caoilbig 4 míle ar an taobh thiar - thuaidh de Thuaim a thug iad seo dom - Seo í an chaoi a dheinidís na coinnle breis is seachtmadh bliadna ó shoin.Kyle M