Déantaí an cathal biorla mar seo. Cathal a dhéanamh sé sin fataí a glanadh iad chur síos ag bruith. Nuair bhéadh siad bruithte iad brughadh, bainne leamhnacht cur tríotha agus gas beag biorla a ghearradh suas agus é measgadh tríd an gcathal.Patrick LeeSa t-sean aimsir bhíodh arán seaghail, arán coirce, arán buidhe ag na daoine, bhíodh bocstí freisin aca. Blas milis bhíodh ar an arán (buidhe) seaghail agus dath dubh. Déantaí aráin buidhe as mín buidhe. Maidir le arán coirce sé is mó bhíodh i g-ceist. Déantaí "Caisgin" pota go minic fadó. Sé sin cupla punann coirce thabhairt isteach, iad bhualadh - an lóchan a bhaint den gcoirce. An coirce a cur sios i bpota dá chruacan. Nuair a bheadh an coirce cruaid tógtaí suas é, agus deanfaidh, cuirfidh plúr ortha. Déanfaidh cáca annsin den mbocstí agus cuirfidh síos ag bruith ar greidill é.AnaithnidPatrick LeeNuair a bhíodh an truic ar páistí fadó théigheadh an t-athair no an mháthair amac roimh fear a bead capall bán aige ag iarraidh leigis air. Rud ar bith a déarfadh fear an chapaill bháin a thabhairt do na páistíbh leisfeadh sé an truic. Bhíodh leighis eile aca ar an truic nuair beadh páistí go dona leí. Sé sin an craiceann a baint de gráinneoig, agus í a bruith agus an anbhruith a thabhairt le n-ól do na páistibh.Patrick Lee