Nuair a thagas duine isteach i dteach deireann sé "Go mbeannuighe Dia agus Muire agus Naoimh na h-Éireann isteach san teach seo". Nuair a fheiceas na daoine an féar bainte deireann siad "Go mbéaraidh Dia beo sinn ar an am seo arís". Nuai a cailltear duine deirtear gur ceart "go ndéanaidh Dia tróchaire ar a anam" a rádh. Nuair a bhíos duine ag imtheact ó theach duine eile deireann muinntir an tighe leis "go dtugaidh Dia slán abhaile thú". Nuair a bheadh duine ag obair agus duine eile ag dul an bealach deirfeadh sé leis "go mbeanuighidh Dia thú is do chuid oibre" Nuair a bheadh duine ag dul thar dhuine nach mbeadh ag labhairt leis bheadh sé ag rádh "Coirreagan Dé idir mé féin agus mo namhaid" Nuair a thuiteann duine ar an dtalamh déanann siad comhartha na Croise ar an áit agus ní éireóchaidh aon dochar do'n duine. Nuair a bhíodh na sean-daoine ag dul ar an aonach fadó bhíodh siad ag rádh "Go gcumhduigh Dia sinn agus go gcuiridh Sé luach ár gcuid cneastachta chugainn" Nuair a bhíodh siad ag cur na bhfataí bhíodh siad ag rádh "Go ráthaidh Dia ár gcuid dúinn".Justin Ó Gliasáin