Bhí fear in a chómhnuidhe í bparráiste Coradh Finne agus sé an tainm a bhí air Liam Ó Murachadha. Bhí sé ina fhear mhór láidir agus dubhairt a mháthair leis go gcaithfeadh sé a phósadh nuair a raibh sí féin ag éirigh sean agus ní raibh sí in ann obair a dhéanamh níos fuide. D'imthigh leis ar maidin ar thóir bean. Thug sé an capall agus an cairt leis mar ní raibh aon ghluaisteán ann san am sin. Nuair a chuaidh sé go Tuaim casadh bean air ar an margadh ag díol cearc. D'fhiafruigh sí dó na cearca a ceannach uaithi. Dubhairt sé léithe, "cheannóchaidh mise na cearce uait má phósann túGeraldine Merrifield