Seo cupla de sean-fuclaibh a bhfuair mé o Bríghid Ní Ghiolla, bainntreach a bhfuil teach osta aice i n-aice mo sgoile. Má iarrtar ceann uirri, níl sé le faghail agat. Acht ma tharluigheann rud aisteach nó neamh-choiteanta, tagann ceann amach as a beul. Bhí cluas ormsha ceann a chloisteal uaithe na h-ama seo. Cur i gas. Bhi buachall og - comharsa - agus fuair se an bhean i-n-aice baile mór na Gaillimhe. "Tuige nach bhfuair sé cailin og i -naice leis no ins an bpaoraiste fein" adubhairt mé fhein Ar an bpuinnc thainig ceann amach as a béal "Ar chuala tú ariamh" adeir si (1) "iomarca éolais fhaganns clann na gcomarsann i bhfad o cheile" Domhnach amhain chuaidh mé isteach mar bhi beart leabhar agam le faghail ann. Bhi cupla fear ag iarraidh teacht isteach le deoch fhaghail agus nuair chonnaic sí iad, dubhairt sí: (2) " Is leithne coc na bó seasamh air" D'fhiafruigh mé uirri minuigh e sin agusB Cunningham