an mbeitheá indon mé a bhearradh." Dubhairt sí go mbeadh agus bhearraigh sí é le siosúr beag a bhí aici. Nuair a bhí gach rud déanta aici dubhairt sí leis "cuir amach do theanga agus chuir. Bhain sí an teanga do leis an siosúr agus as go breagh leis. Thugadar leo an méid óir agus airgid a bhí lé fághail aca 'san áit, agus chuadar abhaile, agus tá síad saibhir sathach ó shoin.An Dothra BheagTá mianach maith in chuile rud má dtigeadh leat fáilt amach Is fad ó bhaile bó gan laoigh Níl olc í tír nach fearrde duine éigin Ní airigheann duine dighe na dtobar go dtruimuigheann síad Is fearr an t-ádh ná éirighe go moch Meilteann muilinn Dé go mall, agus meilteann go mín Ná bac lé mac an bhachaig, agus ní bhacaigh mac an bhacaigh leat Fearthann samhraidh agus teasmach geimhridh - dá rud nach seasann ibhfad Seo sláinte na h-Éireann na Conndaethe fa dó te nach maith leis go maith muid ná raibh sé ibfad beoAn Dothra Bheag