(Fuair Tomás Ó Domhnaill, sgoláire den sgoil seo ó a mhathair mhór - an piosa seo) Bhí Ministir ann fadó. Phós se caitiliceac agus rugadh mac óg dhó. Nuair a bhi an mac naoi no deich de bhliadhanta bhí sé crosta go leor. D'fhas sé suas agus lá da raibh a mhathair dá nighe féin fuair a mac a sgabál (scapular) a bhí leagtha tairsti aici agus chuir sé air é. Nuair a d'íarr sí air é, ní thiúbhradh sé dhí é. “Muise” arsa sí. “Béidh dinnéar mór ag d'athair i mbárach agus má bhionn an sgabál ort ní thig leat cuid d'en dinnéar a ithe.” “Is cuma liom” ars an gasúr. Rachaidh mé a codhladh fhad is a bhéas an dinnéar dhá chaitheamh. Lá thar na bhárach chuaidh se a chodhladh agus shín Dia leis go bhfuair sé bás. Cuireadh ós cionn chláir é agus socruigheadh é, agus nuair a bhí na daoine ag dul abhaile, thoisigh sé ag eirighe ó mharbhaidh agus dubhairt sé Fánaidh Fanaidh go n-innisigidh mé sgéal díobh Go céard íad na trí nidh Is mo a bhfuil peacadh in a ndéanamh Marbhadh, neamh-geallamhaint agus bréagaTomás Ó Máille