Bhí Rí ann úair amhain. Thigheadh éan glas chuig a fhuinneoig gach maidín. Tháinic tinneas ar an rí. Chuir sé fios ar an dochtúir. Nuair a tháinic an dochtúir dubhairt sé nach dtiocfadh biseach air aríamh no go gceapfadh sé an t-éan glas. An maidín in a dhiaidh sin, tháinic an t-éan glas chuig an bhfuinneoig. Chuaidh triúr mac an riogh in a dhiaidh. Bhí an t-éan ag imeacht rómpa. Shíl siad i gcomhnuidhe go gceapfadh síad é, ach bhí an t-éan ag imteacht i gcomhnuidhe go dtóg sé as an tír ar fad íad. Chuaidh sé sios i bpholl talaimh. Lean na buachaillí é. Bhí bealach síos rómpa agus lean an ceann ab óige d'en triúr sios é. Dubhradar annsin, sul ma d'imthigh an ceann ab óige, go mbeadh siad annsin ar an spot céadna lá agus bliadhain ón am sin. Chuaidh sé síos go dtainic sé go dtí an Domhan Íochtar. Chuaidh sé isteach i dteach beag a raibh sean-bhean in a comhnuidhe ann. D'fhiafruigh sé de'n seanbhean a' raibh eolas ar bith aici ar an éan glas nó ar chuala sí trácht air aríamh. Thug an seanbhean srian dhó. Dubhairt sí leis an srían do chraitheadh agus cebí sort gioráin a chuirfeadh a chloigeann isteach ann, é a thabhairt leis. Chraith sé an srían agus tháinig giorán agus chuir sé a chloigeann isteach ann. Chuaidh sé ag marcuidheachtTomás Ó Máille