ag an sagart. Ní raibh na Sasanaigh in a gcodladh i rith an ama. Chonnaiceadar go raibh baint éicínt idir an sagart agus na daoine seo agus chuireadar nimh ann. Mar sin rugadar air agus chuireadar i bprisiún é. Acht réis tamaillín d'éaluigh sé leis agus cé thug didean dhó acht an ministir i mBaile Uí Fhiadháin. I ndiaidh sin d'éaluigh sé as seo go h-Acaill. Chuaidh sé i bhfolach ins na sléibhte annseo agus chinn sé ar na cótaí dearga breith air, go ceann i bhfad. Acht mo léan rugadar air i ndeireadh na dála. Chuireadar air chárr cliathánach é, agus nuair a bhí (sé?) ag imtheacht bhuail an tart é agus d'iarr sé deoch uisge ar fear an tighe. Thug sé deochTomás Ó MáilleSeán Mac Gearailt