Story told by Mrs Anne Sheils, Carnamaddy. Cashelmore P.O. Co. Donegal Aged 74’ She heard this story from her mother who died over thirth years ago aged 80-yrs. Date. Oct. 18th 1938. Bhí bean ann am amháin, agus bhí trí n-ingheanacha aici- Níomal Donn, Níomal Fionn, agus Níomal Cárach. Bhí Niomal Fionn agus Níomal Donn dóigheamhail i gceart agus bhí siad bródomhail. Bhí (Naomhail) Níomal Cárach (iníodhmhar) míofur agus chaitfeadh sí an obair uilig a dheánamh Maidín amháin Dia Domhnaigh bhí an teine as, agus d’iarr an mháthair ar Níomal Donn a dhul chun Cailleach na gCearc agus aibhleóg a dhiarr uirthí. Nuair a bhí sí ag dul thar na h-aibhne, labhair tom spíonóige leithe- “Bain spionóg, ith spíonóg agus tabhair spíonóg leath” “Maise cha bhain spíonóg, char ithJoseph McGroarty