Tá oileán faoi gheasa eadar Toraigh a's Corrán Binne, agus anois agus arís tcíthear é (gach aon seachtmhadh bliadhain) agus ba ag ingilt air 's uilig. Beireann na daoine thart fa seo Brazil air. Bhí caiptín ann aon am amháin a bhí ag cóstáil thart fa'n áit agus chonnaic sé an t-oileán seo. D'iarr sé ar na mairnéalaigh an bád a thionntú thart go rachadh sé deas dó, acht nuair a thionntuigh sé thart le h-órduighthe a thabhairt bhí an t-oileán ar shiubhal. Tá sé aithriste an t-é a mbéadh coigeal túirne i n-a láimh nuair a tcífidhe an t-oileán, agus é thiomáin sa talamh go bhfan-Anaithnid