Sgéal Bhí gabha ann fado d'arb ainm Con. Lá amháin bhí sé sa ceardta agus nuair a bhí gach rud deanta aige d'amharc sé amac ar an doras. Chonnaic sé marcach ag tarraingt air, nuair a tháinig an marcach 'un an ceardta ceangal sé an beatach. Cuaid sé isteach, agus cuir ceist ar Con an dtabhairfeadh sé an teine agus an bhuilg do go gcuirfeadh sé cruitheacha ar a beathach. Dubhairt Con go dtabairfeadh. Thug Con do iad. Dhearg sé an teinidh, agus annsin gearr sé na cosa do'n beatach agus cuir isteach san teinidh iad. Fa cionn tamall dubhairt sé go ndeanfadh siad cúis. Tharraing sé amach iad agus bhí cruitheacaMC