Sgeéal Bhí lánamhain ann aon uair amháin agus ní rabh clann ar bith acu. Bhí an fear íontach saidhbhir agus ní rabh sé ag tabhairt airgead ar bith do na mhnaoí. Lá amháin smaoitigh sí go muirfeadh sí an fear, agus sé an doigh a leag sí amach é a bhathadh. Lá thar na bhárach chuaidh an bheirt síos go dtí'n abhainn. Nuair a bhí siad ar an bhealach síos, d'innis an bhean do'n fhear go rabh sí ag dhul a bhathadh. Dubhairt an fear leithe go rabh sé sásta, no go rabh sé tuirseach do'n tsaoghal seo. Nuair a bhí siad síos ag an loch, d'iarr an bhean ar an fhear an cota a bhaint de, agus anMC