Bhí fear ann am amhain agus bhí sé ar shiubhal leis ag bun na gcnoc agus casadh bean air agus bhí stocach beag léithe. D'iarr an bhean ar an fhear an stocach a congbhall díthe go dtí go dtiocfadh sise amach as an t-siopa. Dubhairt an fear go goingbheochadh agus d'imthigh an bhean léithe isteach sa t-siopa agus d'imthigh an fear agus an stocach isteach i dteach éile agus thosuigh an stocach a imirt leis an chat. Thug bean an toighe píosa aráin dó agus chuir sí ceist ar an fhear cén aois a bhí sé. Dubhairt an fear go rabh sé seacht mbliadhna d'aois agus dubhairt an bheango rabh se breagh mór do'n aois.Thosuigh an fear agus an bhean a chainnt annsin nuair a b'fada leis an fhear bhí mathair an stocaigh gan a bheith ag teacht amach as an t-siopa dubhairt sé go rabhMC