Fad ó shoin nuair a bhí na daoiní beaga ann, bhí fear agus bean agus seisear páistí na gcomhnuidhe ar Choc-na-Naomh. Oidhche Shamhna a bhí ann, d'imthigh an bhean amach agus thug na daoiní beaga leobhtha isteach go Toraigh í. Bhí siad ar shiubhal gach áit 'a cuartughadh agus ní rabh a tuairisc le fagháil thíos nó thuas. Fuair fear céile s'aici sgéala annsin go rabh rí istigh i dToraigh agus thug sé amach í agus ní rabh rí abálta labhairt. Oidhche Shamhna blidhain o'n am sin bhí a fear na sheasamh taoibh amuigh de'n doras. Mhothuigh sé na daoiní beaga ag cainnt. "Anois," arsa fear aca, tá sí aige bodhar balbh. "Maise," arsa an fear éile" is furast sin a léighear dá dtarraingeochadh sé dhá shífín cocháinAnaithnidCourtney Selvage