I Is fada mo chosa gan bróga, Is fuide mo pocai gan píghinn; Is fada mé 'g ól le mná óga, 'sníor ól mé aon dheor le mo mhían. II Is cosamhail gur marbh bhí m'áthair, Nuair a lig sé mé go h-arm a riogh; Sí'n uaigh mo chruaidh-leabaidh feasta, Sa chéad searc nach truagh leat 'mo luig; III Tá mise seacht mblíadna dubh dorm, I bhfíabhras na leabtha mo luigh'; Dá dtiofa a chéad-searc mo fhíafruigh, Is cinnte go n-éireochainn mo shuidhe. IV Chuaidh mé 'mach ar maidín Dia Ceadaoin, Stíall mhaith gur lig mé le gaoith; Nuair chaith mise damh mo chuid éadaigh, Steall mé'n chor-mhéar on alt síos.Conchúr Mag EacháinConchúr Mag EacháinAmy Ní Cholgáin