Nuair a phill sise ón t-siopa ní rabh an seanduine le fághail. I lár na h-oidhche tháinig sé isteach agus é ar bhárraibh creatha. "Och! Oc! a bhean ó! ar seisean. "Ní íarrfaidh mise aon athchuinge go deó duitse arís." O'n lá sin amach bhí an oiread sin d'eagla air agus go rabh sé mór le n-a bhean.Amy Ní CholgáinTá fear i n-a chómhnuidhe ar an cheathreamhain go fóill. Liam Mac a'Bháird is ainm do, no Billí beag mar bheir an chomhursain air. Oidhche amháin bhí sé ag siubhail an bealach agus casadh bean air agus í i n-a suidhe ar cloich ag taoibh na h-abhann. Shíl sé gur bean shaoghalta a bhi inntí agus chuaidh sé anonn fhad léithe agus bheir sé greim uirthí. Rug sise greim láimhe airsean agus chaith sí amach san abhainn é. D'éirigh sé as an abhainn agus tharraing sé arAmy Ní Cholgáin