Bhí dá rí in Éirinn fadó mar bhí mórán an uair sin agus beagan anois. B'ainm dóibh Rí Chruachán Connachta agus Gruagach na gCleas. Bhí cailín doigheamhail in Éirinn nach raibh a leithéid ó shoin ann. Bhí an bheirt aca ag bráth uirthi. D'fhuadaigh Gruagach leis é le tréan geasrógaí agus cleasaidheacht agus ár ndóighe ní rabh an fear eile sásta. Smaointigh sé lá amháin go rachfhadh sé fhad leis an Ghruagach agus go mbéadh cluithche chárdaí aige leis, ag dréim go mbainfheadh sé an bhean dó. Sé an sligheadh abhí san am sin nuair a d'fuadóchaidh bean ar shiubhal go mbainfeadh sí focal duit nach mbéadh sí na bean agat chomh ceann lá agus bliadhain. Ach d'imthigh Rí Chruachan Chonnachta leis go dtáinig sé fhad le Cúirt an Gruagaighe. Bhuail sé ar an doras agus tháinig sgiúilíneach de chailín amach agus chuir sé ceist uirthí an rabh an Gruagach istigh.Cathal PeeloAnaithnid