Sgeal Mhaoise. Fada go leor sul a dtainic Maoise chun tsaoghail bhí(os) fhios go rabh a leithid ag teacht agus go bhfuigheadh sé buaidh ar an Rí. Rinne an Rí dligheadh na gasuraí a thiocfhadh chun tsaoghail a bhathadh. Thainig Maoise ar a’ tsaoghal agus choinnig a mhathair i bfolach é ar feadh cheithre mhí. Annsin rinne sí réidh basgaid agus chuir sí an leanbh isteach inntí agus d’fhág sí síos san abhainn é. Bhí a inghean ar fastodh na bananaltra ag bean an ríogh, agus bhí fhios aicí cé’n t-am a rachaid sí síos a shiubhal a chois na h-abhna.Joseph McGroarty