Luighim ar mo láimh dheis, codhluighim ar mo láimh chlí, diúltaigheam do'n ainspiorad agus comhnuigheam leis an Spiorad Naomh. A Mhaighdean Mhuire bhí ag mó cheann a Eóin Baiste bhí ag mo bhonn. Teachtaire Dé in ionad Críost bhí agam go gcuirfidh ola Chríost ar m'anam dílis a d'fhulaing Iosa ar an chrann. Ceithre coirneáil ar mo leabaidh, ceithre h aingle go raibh annsin, Dia go raibh amuigh, Dia go raibh astoigh, Dia is Críost go raibh fá dtaobh d'en teach. Mó thigeann gáth orm is mé mo codladh, Dhia muscail mé, Dhia cuidigh liom anois agus ar uair mó bhais Amén. A Mhuire na ngrás, a mathair Mhic Dé go gcuiridh tú ar do leas mé, go Sabhlochaidh tú mé ar gach uile olc. go sábhlochaidh tú mé idir anam is corp. Go sábhlochaidh tú mé ar muir a's ar tír go sábhlochaidh tú mé ar leic na bpian, gárda na naingeal a's mo cheann Dia róim agus Dia liom. Bhí mé ag siúl ar thalamh beannuigh, is casadh damh an Mhaighdean Bheannuigh. Bhí seacht gcóróinn Mhuire léithe ina láimh. seacht gcoinnle lasta ar gach taobh. seacht sagairt a leigheamh. seacht gclog a bualadh. Geaftaí na bFlaithis a foscladh agus dorsacha Aifrinn a dhruid.Pádraig Ó DomhnaillToit sa choillidh agus gan teine ar bith ann. (Ceo.) Tá sé amuigh agus tá sé astoigh agus tá sé eadar an taer agus an talamh. (Fuinneóg.) Barraile ar an t-sráid agus a dhá cheann druidte. (Uibh)Pádraig Ó Domhnaill