An té atá bréagach tá sé bradach. An té is lugha céill is cóir a réidh ar dtús. Cé bith atá saor caitheadh sé cloch. Is Righ gach duine ar a thoil fhéin. An té nach ndeán a gnoithe an am bíonn sé na phlé seam. Más olc maol is measa mullach. An té bíos buadhartha bíonn sé bogadaigh, an té bíos gan chéill bíonn sé ag magadh air. Is fearr fuigheall brachain no fuigheall magaidh. Ólann an Rí fuigheall an chait. Éist le fuaim na h abhann agus gheobhthar breac. Is maol guala gan dearbhrathair. Is deas iad na cnuic i bhfad uainn. Is fearr uaigneas maith nó droch chuideachta. An té nach gcuireann san Earrach ní bhainfidh sé san Fhoghmhar. Ag cuir síoda ar ghabhar agus gabhar i gcomhnaidhe é. Is fearr focal sa chúirt nó púnt sa sparán. Leig chum an bhodaigh mé, ach na leig an bodach chugam. Mar mhaithe leis fhéin is éadh do dheineann an cat crónan. Adhbhar an mhagaidh ag deánamh magaidh.Pádraig Ó Domhnaill