Teigheann sé isteach ar dhruim na ndaoiní agus amach comh mín le síoda. (Móin.) Tomhais orm, tomhais ort, caidé an dealg a chuir Brighid san bhrat. (Suithche.) Muiltín iarainn agus earball olainn air. (Snáthad mhór agus snáithe olna.) Gearán beag bobailte, trigailte donn, siubhlann sé Éirinn's ní fhliuchann sé bonn. (Leitir.) Baraille ar an tráigh agus a dhá cheann druidte. (Uibh.) Tá muileann beag amuigh annsin agus trí chéad gamhain aici. (An ghealach agus na réulta.) Comh hárd lé balla, comh bán lé bainne. comh milis le mil. comh dearg le fuil. (Ubhla.) Chuaidh sí thart ar an teach agus an dreibhlín na diaidh. (Cearc an éilín.) Chuaidh sé thart ar an teach agus isteach i bpoll na h eochra. (Gaoth.) Lán gáradh caoirigh bána agus caora dhearg ina measg. (Do chár agus do theangaidh.) Chuaidh mé suas air, tháinig mé anuas air agus thug mé liom ar mo dhruim é. (Dréimire.) Tá rud éiginteacht in gluaisteán agus ní thig leis ghabhail gan é. (Tormán.)Anaithnid