Bhí sin ann agus is fada ó bhí, bhí rí agus bainríoghain ann agus bhí mac acu. Nuair a bhí an gasúr trí bliadhna d'aois fuair a mháthair bás agus phós an t-athair ath-uair. Bhí leasmháthair aige annsin agus bhí iongantach olc dón ghasúr bheag. Ní thabharfadh sí mórán bídh le h-ithe dó. Bhéadh ocras i gcomhnuidhe air, bhéadh a chuid éadaigh stróctha agus bhéadh sé ag buachalleacht achan lá. Nuair a bhéadh sé ag buachailleacht bhéadh am breágh aige mar bhí canna beag aige agus bhí sé ah blighe an eallaigh achan lá agus ag ól an bhainne. Bhí iongantas ar an leas-mháthair comh reamhar agus bhí sé ag éirghe agus gan í ag tabhairt mórán dó le hithe. Chuaidh an leas-mháthair chainnt le seanbhean a bhí na gcomhnuidhe taoibh thall díthe faí gásúr bhead agus bhí sí ag innse díthe mar bhí an gasúr ag éirghe reamhar. Dubhairt an tseanbhean go gcoimeadfadh sise é dara lá. Nuair a chuaidh an gasúr amach a bhuachailleacht an dara lé chuaidh an tseanbhean go dtí an pháirc a rabh sé ann agus thoisigh sí a choimhead. Ní rabh sí i bhfad ag coimhead go bhfacaidh sí an gasúr beag ag tabhairt leis an channa ag blighe an eallaigh agus ag ól an bhainne. D'imthigh an tseanbhean agus d'innis sí seo do'n leas-mháthair. Chros an leas-mháthair air gan sin a dhéanamh níos mó agus ó sin amach ní thiocfadh leis an ghasúr baintAmy Ní Cholgáin