An droch leas-mháthair Bhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhí fear agus bean ann agus bhí gasúr beag acu. Nuair a bhí an gasúr 12 bliadhain d'aois fuair a mháthair bás agus tamall na dhiaidh sin phós an fear bean eile. Bhí an leas-mháthair go h-iongantach olc do'n ghasúr. Lá amháin nuair a bhí an gasúr tuairim ar sheacht mbliadhna d'aois dar leis an leas-mháthair go gcuirfeadh sí 'un báis é. Níor mhaith léithe féin sin a dhéanamh ar eagla go bhfeiceadh a athair í. D'imthigh sí an lá seo agus scríobh sí litir dó agus d'iarr sí air gan an litir a thabhairt do dhuine ar bith ach do léitheid seo d'fhear. Sé an rud a bhí sa litir ag iarraidh ar an fhear é mharbhadh nuair a thiocfadh sé fhad leis. Shiubhail an gasúr leis agus nuair a bhí giota fada siubhalta aige tháinic bean fhad leis. D'iarr sí an litir air ach dubhairt sé nach dtiocfadh leis an litir a thabhairt do dhuine ar bith ná gur iarr a mháthair sin a dhéanamh. Dubhairt an bhean leis nárbh' í sin a mháthair ar chor ar bith ach gurbh' ise a mháthair. Bhain sí an litir de agus d'amharc sí uirthi Idir an dá am thuit an gasúr na chodladh. D'fhoscail sí an litir agus léigh sí í. Annsin rinn sí giotaí díthe. Nuair a mhuscail an gasúr chuir sé ceist cá rabh an litir. D'innis sí dó caidé bhí ann agusIngo Mittendorf