Bhí sin ann agus más fada ó bhí, bhí dhá frog bheaga ann agus bhí siad mór i gceart le chéile ach ní raibh siad 'n-a gcomhnaidhe san teach chéadna. Bhí ceann acu 'n-a comhnaidhe i linn dhomhain istigh i lár na coilleadh áit a raibh gach rud comh ciúin agus comh socair, Níor bfhéidir áit ní bá deise a fhághail do frog bhig. Bhí an ceann eile 'n-a comhnaidhe i lochan bheag i lár an bhealaigh mhóir. Leoga bhí droch áit ag an cheann seo. Bhíodh capaill agus carrannaí ag gabhail an bealach mór ó mhaidin go hoidhche agus ar an adhbhar sin bhíodh an t-uisce suaidhte, salach i gcomhnaidhe. Lá amháin thug frog na coilleadh cuairt ar a caraid agus nuair a chonaic sí an lochan bheag shalach ann a raibh sí 'n-a comhnaidhe bhí truaighe mhór aici dithe.Fidelma NíChearbhaill