Bhí fear ag gabhail a dh'áirnéal i ngleann fhinne oidhche amhain, ach nuair a cuaidh sé fhad leis an doras, sheasuigh sé agus chualaidh sé an mhuinntir istoigh ag rádh go raibh siad ag gabhail a mharbhadha fear de chuid na comharsan. Thionntuigh sé ar (ar) a chois agus d'innis sé do'n mhuinntir eile caidé bhithear gabhail a dheánamh le fear aca. Chualaidh an mhuinntir a bhí ag ghabhail a dheánam an marbhadha seo, gur chualaidh an mhuinnthear eile é. Caidé rinne fear de'n mhuinntear seo ach innse do'n mhuinntir a bhí ag gabhail a dheánamh an gníomh, cé d'innis daobhta é. Bhí go maith a's ní raibh go h-olc Bliadhain o'n am sin, chuaidh sé a dh'áirneal arís, nuair a shíl sé go rabh deireadh marbh amach. Nuair a bhí sé tamall beag istoigh d'iarr fear an toighe air, theacht amach 'un an bhothuighthe go bhfeiceadh sé bearrach a bhí ag éileamh aige, chuaidh sé amach, agus caidé bhí amuigh roimhe ach an bhaicle. Thaisigh siad air go dtug siad bog--mharbadha air. Annsin thug siad leobhta é agus d'fág siad leath amuigh is astoigh (an) san abhainn é. Tháinig an mhaidín agus ní tháinig fear ar bith na bhaile. Chuaidh siad amach a chuartughadh, agus fuair siad é marbh, chuir siad fá choinne an t-sagart, agus léigh sé os a chionn, agus thiocfadh leis na daoine an fhuil a fheiceal ag teacht i bpluca an fhir, nuair a dubhairt an t-sagart paraiste leis nach dtearn aon duine ar an t-saoghal sin ach ar slánuightheoir agus nach ndeánadh seisean sin ach oiread. Ach dubhairt sé an fear a rinne seo éireochaidh sé ar maidín agus ní bhéidh aon ghreim gruaige ar an cheann, agus bhí sin ceart go leórBéaróid