D’iarr sé orm innse duit-se ma bhí eadach ar bith agat e a thabhairt do agus ma bhí airgead ar bith lé spáireal agat e a tabhairt do fosta. Thug sí an t-ualach dó agus an méid airgead a bí aici do. Thainic an beirt aca na baile annsin agus chaith siad saoghail sona sásta na dhiaidh sin.Joseph McGroartyAn Crochaire Tárnocht Bhí sin ann, agus is fada ó bhí. Dá mbéinn-sé ann an uair sin ní bhéinn ann anois, nó dá mbéinn fhéin, ba chríon liath an sgéalaidhe mé. Bhéadh sgéal úr agam nó seansgéal; chumfainn fhéin ceann sul a mbéinn gac aon cheann. Bhí rí cúigidh i n-Eirinn, ar bh’ainm do Gruagach an Ghaiste. Cibé ar bith ríoghamhlacht a bhí aige bí gaiste éanacha aige, is ghabhadh sé lonndubh an uile mhaidin. Bhí triúr mac aige, is chuireadh sé amach iad fá choinne an éin do réir a n-aois : Fear ba sine indiú, an dara fear an dara la, agus an fear og an tríomhadh lá. Cé h-ainm a bhí ar an fhear óg acht Donn Ó Dubhthaigh aon mhaidin amháin fá choinne an éin, agus nuair a bheirJoseph McGroarty