Scéal Bhí gasur ins an áit i bfad ó shoin agus bhí sé amuigh chois abhna. Thárla go dtáining Tighearna thart lá amháin agus cuir sé ceist ar an ghasúr cé an áit a bfeárr fághail anall ar an abhainn. “Áit ar bith annsin,” arsa an gasúr, “sin an áit a bhfuil cuid lachán mo mháthara-sa anonn agus anall gach lá.” Chuaidh an Tighearna amach ar an abhainn agus ní rabh ann ach é gur báitheadh é. Chuir an fear pionus cruaidh ar an ghasúr. D’iarr sé air a gabhail go teach an dlíghe agus é a bheith ag marcuidheacht agus gan a bheith ag marcuidheacht. Bhí uncal aige a bhí iongantach cliste. Chuir sé a mharcuidheacht ar mhuic é. Annsin bhí sé ag tarraingt a cuid cos ar an talamh nuair a chuaidh sé isteach go teach an dlíghe bhí sé ag marcuidheacht ins an am chéadna. Nuair a tháinic an gasúrCiarán Mac Murchaidh