Nóra bean Uí Dhuirnín, Cró Beithe, Clochán Liath, Tír Chonaill a d’innis. Scéal Bhí sin ann agus is fada ó bhí; da mbínn ann an uair sin ní bhéinn ann anois; da mbínn bodar ní chluinfinn é, da mbínn balbh ní chanfainn é, chumfainn fhéin sgéal sul a mbínn gan aon scéal. Thug Fianna na taoibhe cuireadh do Fhianna na taoibhe deas theacht chuca ar chuirim, acht gan air mar bith a bheith leobhtha. Gheall Fianna na taoibhe deas go ndéanfadh siad sin. An lá a bhí siad ag imtheacht, smaoitigh máthair Ghoill go mb’fhéidir gur cuireadh feille a bhí ag gabhail ortha. D’iarr sí ortha arm éighinteacht a thabhairt leobhtha; ach dubhairt siad nach dtiocfadh leobhtha, no nar bhris siad a ngealltanas ariamh. Cibé ar bith, nuair a bhí siad ag imtheacht, bá é Goll Mac Móirne an duine deireannach a chuaidh amach ar an doras. D’iarr a mhathair air arís arm éighinteacht a bheith leis, ach dubhairt Goll go bhfeicfidhe aige é. D’agair sí é a scian mhaide a chur i n-a phóca, agus rinne sé seo. Nuair a shroich siad Dún Lúithche bhí féasta mór réidh fá n-a gcoinne. Cuireadh beirt bhan os coinne gach fear. Dubhairt Fionn nach rabh sin ceart, no nuair a bhéadh seisean ag cainnt le bean amháin, go mbeadh a chúl leis an mhnaoí eile. Bá seo a thús ach níorbh é a dheireadh. Thoisigh an argáil, agus do réir a chéile toisigh an troid. Ní rabh arm ar bíth le Fianna na taoibhe taoibhe deas, ach le sin fhéin smaoitigh Goll ar a scian mhaide. Tharraing séCiarán Mac Murchaidh