Brígid Ní Dhochartaigh, Gaoth Dobhair a d’innis, ise a d’innis an scéal atá ar leathanach 44. Cathal Beag agus Cathal Mór Bhí Cathal Beag agus Cathal Mór ina gcomhnuidhe i gcuideachta a chéile uair amháin. Bhí trí beathaidhigh ag Cathal Mór acht ní rabh ag Cathal Beag bocht acht capall amháin. Nuair a thigeadh an t-Earrach caitheadh Cathal Beag cuid beathach Cathail Mhóir a fhághail nuair a bhíodh sé ag treabhughadh agus ghnídeadh Cathal Mór a cleas céadhna. Domhnach amháin bhí an bheirt ag treabhughadh i gcuideachta a chéile chois an bhealaigh mhóir. Nuair a tcideadh Cathal Beag na daoine ag gabhail an bealach mór deireadh sé, “ Maith mo chuid beathach é, maith mo chuid beathach é,” fa dheireadh d’éirigh Cathal Mór feargach tharraing sé buille de spáid ar bheathach Cathail Bhig agus mharbh sé é. Bhain Cathal Beag an croiceann de’n bheathach agus thriomuigh sé é lá amháin chuir sé an croiceann isteach i mála chuir an mála ar a dhruim agus d’imthigh ag tarraingt ar an bhaile mhór ag bráth an croiceann a dhíol. Shiubhail sé leis agus nuair a thainig an oidhche air bhí sé fhad o’n bhaile mhór is bhí sé o’n bhaile. Chonnaic sé solus agus tharraing sé air, chuaidh sé fhad leis an fhuinneog agus chonnaic sé bean agus fear istuigh agus an tábla lán de gachCiarán Mac Murchaidh