Tomas na hÓrdóige. Bhi sin ann ibhfad oshoin agus ibhfad oshoin fhéin é. Bhí lanamhain 'na gcómhnuidhe i Mín-na-gCloigeann agus ní rabh teaglach ar bith aca. Bhí siad ar fad ag guidhe an Fhir Thuas mac a chur chuca muna mbéadh sé ach comh mór le na n-órdóg fhéin. Bhí go maith agus ní rabh go holc maidin amháin mhaitigh Síle, an bhean, rud éighinteacht ag bogadaigh faoi'n bhabhastar. Thóg sí'n babhastar agus caidé bhí ann ach an gasúr beag a b'fhíor bhaoidigh da bhfacaidh a'n neach da maireann ariamh. Bhí sé go díreach comh mór le do órdóg. Mar sin fhéin bhí lúthghair mhór ar shean Thomas a's ar Shíle roimhe agus bhaist siad "Tomas na h-Órdóige air. Nuair a bhí Tomas cúig bliadna d'aois cha rabh sé órdlach níos mó na bhí sé an lá thainic sé ar an tsaoghal ach muna rabh sé mór fhéin bhí séAnaithnidPól Ó BraoinAnaithnid