Áit ar bith a bhíos sidheóga ní ceart teach a thógail ann, nó crann ar bith a bhaint ann. Dá dtógthaidhe teach leacfaoi é agus dá dtabhairfeá leat crann leanfadh na sidheóga thú. Tá sidheóga thíos ag an Chlochán. Tá sidheóga ag na clocha móra atá ag taoibh Loch Finne. Tá an t-oileán uasal fosta. Tá an t-alt atá taobh thiar de'n toigh s'againne ar bhuach na locha uasal. Áit ar bith a bhíos na daoine ag dul a thógailt thugh fágfaidh siad ceithre cloch ceann ag gach aon chóirnéal agus má bhíónn na clocha sin athruighistre ar maidin beidh na daoine beaga ann agis ní thógfaidh na daoine teach ar bith ann. Chuala mé é ins an bhaile. Nan Ní Mhaongal; Mínte Morgal, Baile na Finne, Leithbhearr.Ciarán Mac Murchaidh