14-6-'38 Tá crós ar an ásal mar gur iomchár sé Íosa cupla uair. D'iomchár sé é ó Íurúsleúm go dtí an Eighpt nuair a bhí an tóir ina dhiaidh. D'fhág Íosa an márc sin air ó shoin. An dóigh go n-aithneochadh é gur é a shabhail é an uair sin ón tóir. Chualaí mé é ins an bhaile. Micheál Mac Daid, Mín an Arbhair, Béal an Átha Mhóir, Leithbhearr.Ciarán Mac MurchaidhÍosa agus an coinnil. Gach oidhche Nodlag fágann na daoine coineall Mhuire lásta ins an fhuinneog ag cur fáilte roimhe an Mhaighdean Mhuire agus an leanbh Íosa mar deirtear go mbíónn sí fhéin, an Leanbh Íosa ag siubhal thart an oidhche sin agus teach ar bith a fheicfis siad coinnill lásta ins an fhuinneog ann go bhfágfaidh siad a mbeannacht ar an teach sin go dtí oidhche Nodlag ar ais.Ciarán Mac Murchaidh