Nuair a bhí na saighdiúirí ag cuartughadh Íosa le é a mharbhuigheadh nuair a bhí sé beag. Bhí sí ag dul suas fríd chuibhreann. Bhí daoine ins an chuibhreann ag cur síol arbhair. Dubhairt an Mhaighdein Mhuire leobhtha da n-éirthe duine ar bith ortha a dtachaidh bean agus pástaí suas an cuibhreann seo a rádh go dteachaidh nuair a bhí sibh ag cur an síol. Lá ar an bhárach tháinig na saighdiúra. D'éir siad ortha an dteachaidh bean agus pastaí ar bith suas an cuibhreann seo indé. Thoisigh an arbhar ag fás nuair a bhí sé apaidh. Thoisigh siad a bhaint sin an am a tháinig na saighdiúra. Nuair a chuir na saighdiúra ceist. Dubhairt na fir a bhí ag baint an árbhair go dteachaidh bean suas nuair a bhí siad an t-síl. Seán Ó Tiomanaidhe a d'innis do Shiubhán Ní Thiomabaidhe. Seán Ó Tiomanaidhe, Mín a tSamhaidhe, baile na Finne, Leibhthearr.Ciarán Mac Murchaidh