Mícheál Mac Daid a sgríobh, a fuair é o na athair Liam Mac Daid Mian an Arbhar Béal an Átha Mhóir.Ciarán Mac MurchaidhSul a sníómhtar an ólainn cárdaltar í le péire cardaí a fiacla cruaidhe gearaag teacht amach astu agus lámh le greim a congbháil orthú. Cuirtear grainín beag ola isteach ar na cardaí agus spiontach go maith í leo acht sul a gcardalthár i spiontar í agus cuirtear balamh inntí. Nuair a bhíos sí cardailte "rollagaí" a bheirtear ar an olainn annsin. Ar thúirne mór greamuighthear an rollóg de maide bheag atá saithte as ceann an túirne annsin casadh siad an rotha agus thigeadh casadh ins an tsnath. Leanadh siad mar sin ag greamuigheadh na rollóg agus ag deanamh an tsnatha, no go mbeadh deireadh deanta acú. Sin mar gnidhtaí an sníomhadh fado agus mar is gnath a deanamh go fóill. Mícheál Mac Daid a sgríobh, a fuair é o na athair Liam Mac Daid Mian an Arbhar, Béal an Átha Mhóir, Leithbhearr.Ciarán Mac Murchaidh